Is acmhainn uathúil fónaice idirghníomhach Ghaeilge é Fonn Fónaice le haghaidh páistí sna bunranganna.
Cuireann Diosca Fonn Fónaice tríocha túsfhuaim agus cumasc i nGaeilge i láthair ar bhealach taitneamhach agus éifeachtach:
a, b, c, d, e, f, g, h, i, l, m, n, o, p, r, s, t, u
á, é, í, ó, ú
eo, ia, ua, ch, ph mh, bh, ach
Cuirtear gach fuaim i láthair trí bhunamhrán le geáitsí a ghabhann leo, agus cuidíonn cluiche leis na páistí an fhuaim nua a chomhtháthú. Cuirfidh Fonn Fónaice go mór le foghlaim fhónaic na Gaeilge i ngach seomra ranga.
Tacaíonn gníomhaíochtaí agus dúshláin shimplí tuilleadh leis na páistí na fuaimeanna a fhoghlaim sa Leabhar Cleachtaí Fonn Fónaice.